Torthaí cuardaigh - Luckner, Felix von, 1881-1966

Níor aimsíodh aon torthaí

Do chuardach - Luckner, Felix von, 1881-1966 - níor mheaitseáil seo acmhainn ar bith.

Felix von Luckner

Ba bhall d'aicme uasal na Gearmáine é Felix Nikolaus Alexander Georg Graf von Luckner (saolaíodh i nDresden, 9 Meitheamh 1881; fuair bás i Malmö, an tSualainn, 13 Aibreán 1966. Bhí sé ina oifigeach cabhlaigh, údar agus mairnéalach aithnidiúil agus bhain sé an leasainm 'Der Seeteufel' (An Deamhan Mara) amach dó féin—agus dá chriú an leasainm ''Die Piraten des Kaisers'' (Foghlaithe mara an Impire)—le haghaidh na n-éachtaí ina raibh baint aige leo agus é i bhfeighil ar an long seoil tráchtála, an SMS ''Seeadler'' (Iolar na Mara) i 1916–-1917.

D'ainmnigh dhá thaobh an choinbhleachta é ina ghaiscíoch agus laoch, toisc go raibh sé ina nós aige an cogadh a stiúradh go rathúil gan taismigh.

Ba sin-garmhac é de ''Nicolas Luckner'', Marascal na Fraince agus ardcheannasaí ar Arm na Fraince ar an Réin, a ardaíodh ina chunta ag Rí na Danmhairge sa 18ú haois.

Phósadh faoi dhó é, an chéad uair le Petra (née Schultz) agus bhí iníon acu darbh ainm Inge-Maria, a saolaíodh i 1913, agus sa dara dul síos phós sé Ingeborg (née Engeström), arbh as Malmö na Sualainne di. Arna chur ar fáil ag Vicipéid